Ról Comhairleora


Laistigh den chóras rialtais áitiúil is ar an gcomhairle thofa a bhfuil freagracht as cinntí móra a dhéanamh. Is é an príomhfheidhmeannach, an bainisteoir contae atá freagrach as an ról feidhmiúcháin mar atá bainistíocht laethúil a chur i bhfeidhm ó lá go chéile. Tugtar feidhmeanna forchoimeádta ar na feidhmeanna a chomhlíonann an chomhairle a choimeádtar mar shainchumas na mball amháin. Déantar feidhmeanna forchoimeádta údaráis áitiúil a chomhlíonadh ag baill thofa ag rún a ritear ag cruinniú údaráis áitiúil. Is é a bhíonn i gceist leo ná cinntí ar mhórcheisteanna beartais agus airgeadais mar:

  • Glacadh leis an mbuiséad bliantúil An leibhéal bliantúil de ráta tráchtála atá le gearradh a shocrú.
  • Airgead a fháil ar iasacht
  • Plean forbartha a dhéanamh nó a athrú
  • Ordú um shainlimistéar fóntas a dhéanamh
  • Glacadh le scéim tosaíochtaí ligin le haghaidh teaghais údaráis áitiúil
  • Costais a éileamh ó aon údarás áitiúil eile
  • Fodhlíthe a dhéanamh, a leasú nó a chúlghairm
  • Achtacháin a chur i bhfeidhm i gceantar feidhmiúcháin an rialtais áitiúil 
  • Daoine a ainmniú chun gníomhú ar choistí nó i gcomhlachtaí poiblí eile 
  • Iarrthóir a ainmniú le haghaidh na hUachtaránachta.

Tá raon leathan d’fheidhmeanna forchoimeádta sainithe san Acht um Rialtas Áitiúil 2001 agus thar chorp leathan achtanna. Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar láithreán gréasáin an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil http://www.environ.ie