Músaem
Tá Músaem Contae Thiobraid Árann Theas suite i gcroílár ionad cathrach Chluain Meala. Is í an fhís atá aige ná cur ar chumas cuairteoirí taithí a fháil ar shaibhreas agus bród cultúrtha an Chontae. Cinntiú go mbeidh cur amach forleathan ar an músaem agus go mbainfidh an pobal agus na cuairteoirí air taitneamh as.
Foirgneamh nua:
Osclaíodh a áitreabh nua i rith 2000 i gCearnóg Mhíchíl Uí Dhúlchaointigh, Cluain Meala. Ina bhailiúchán tá déantáin ó stair Mhíleata, reiligiúnda, shóisialta, stair pholaitiúil agus nádúrtha, seandálaíocht, geolaíocht, grianghrafadóiracht shóisialta & bailedhreacha. Tugann sé spás do go leor míreanna tearca mar a bhailiúchán Ealaíon, Bád Rámhaíochta Mhuiris Uí Dhaimhin ‘an Cruiskeen’ (Céad Uachtarán CLG), Taibearnacal leis na Siúracha Carthanachta atá feistithe go hálainn agus i bhfad níos mó.
Taispeántais:
Cuireann clár riatha de thaispeántais intí agus cuairteoireachta, a chlúdaíonn raon leathan d’ábhair, lenár dtaispeántais ar stair an chontae.
Dámhachtainí:
Moladh go hard cláir oideachasúla & taispeántais pobail an mhúsaem a bhuaigh dámhachtainí ag scoileanna, grúpaí scoir & grúpaí pobail áitiúla a ghlac páirt iontu. Mholfadh an músaem do ghrúpaí iad féin a chur in aithne don mhúsaem chun taispeántais pobail a bheartú amach anseo.
Saoráid Oideachasúil:
Áiríonn ár saoráid oideachasúil ceardlanna, cainteanna, taispeántais agus gníomhaíochtaí oideachasúla. Tá áit ar fáil le haghaidh leanaí chun dathú agus léitheoireacht a dhéanamh i bhforhalla an mhúsaem.
Ionad:
Taobh leis an músaem tá an Leabharlann brainse, foirgnimh Comhairle Contae Thiobraid Árann Theas, halla Banna agus Linn Snámha. Tá an músaem laistigh de Chearnóg Mhíchíl Uí Dhúlchaointigh, a tugadh ainm air i ndiaidh duine ceoil cáiliúil as Cluain Meala, a bhfuil dealbh den teanór cáiliúil Frank Patterson ann.
Dámhachtainí san Am atá Thart:
- Dámhachtain Mhúsaem na Bliana
- Rochtain agus For-rochtain 2004
- Moladh um an bhFondúireacht Gulbenkian is fearr agus Dámhachtain Mhúsaem na Bliana de chuid na Comhairle Oidhreachta le haghaidh an Cúram is Fearr do Bhailiúcháin
- Buaiteoir Dhámhachtain Mhúsaem na Bliana 1997
- Moladh Speisialta 1985
Eolas Teagmhála:
Músaem Contae Thiobraid Árann Theas, Cearnóg Mhíchíl Uí Dhúlchaointigh, Cluain Meala, Co. Thiobraid ÁrannTeil: 052 – 34550, Facs: 052 – 80390www.southtippcoco.ie r-phost: museum@southtippcoco.ie
Uaireanta Oscailte: Dé Máirt-Dé Sathairn 10.00r.n. – 5i.n.
Dúnta Dé Domhnaigh, Dé Luain agus Laethanta Saoire Poiblí.
Cead Isteach Saor in Aisce.








