Acmhainní Daonna
Tá Comhairle Contae Thiobraid Árann Theas fós ar cheann de na fostóirí is mó sa tír agus 562 ball foirne aici lena n-áirítear gráid riaracháin, ghairmiúla, theicniúla, ceirde, agus gráid oibrí ginearálta agus gráid bhainteacha.
Is iad feidhmeanna an Rannóg Pearsanra go ginearálta ná:
- Beartais agus nósanna imeachta pearsanra a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
- Earcaíocht Foirne.
- Caidreamh Tionsclaíoch.
- Cláir oiliúna foirne a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
- Taifid phearsanra a choimeád.
Caidreamh Tionsclaíoch
Oibríonn an Chomhairle i gcomhpháirt le cumainn agus ionadaithe foirne chun caidrimh shíochánta oibre a bhaint amach chomh maith le coinníollacha oibre feabhsaithe agus cleachtais oibre éifeachtacha agus éifeachtúla.
Beartais Phearsanra
- Eisíodh leabhrán chuig gach ball foirne a áiríonn beartais na Comhairle i leith:
- Comhionannas Deiseanna agus Ciapadh Gnéasach.
- Bulaíocht agus Ciapadh.
- Strus.
- Tacaíocht Foirne.
Ráiteas Iniúchta
Tá sé mar bheartas ag Comhairle Contae Thiobraid Árann feidhm iniúchta inmheánaigh ar ardchaighdeán a bheith aige a fheidhmíonn de réir na gcaighdeán gairmiúil is airde agus tacú léi. Is iad feidhmeanna an aonaid iniúchta inmheánaigh ná athbhreithniú criticiúil agus oibiachtúil a dhéanamh ar bhunús dírithe ar riosca:
- Iontaofacht agus sláinte córais rialaithe inmheánaigh.
- Iontaofacht agus sláinte córais bainistíochta eolais.
- Comhlíonadh le cuspóirí, beartais, pleananna agus nósanna imeachta inmheánacha.
- Comhlíonadh le rialacháin seachtracha (reachtaíocht phríomhúil, thánaisteach agus reachtaíocht ag an Aontas Eorpach, imlitreacha rialtais agus coinníollacha deontas)
- Luach ar airgead
Feidhmíonn an t-aonad iniúchta inmheánaigh faoi chairt a d’eisigh an Bainisteoir Contae. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Iniúchta Inmheánaigh ag 052 34650. Gliogáil anseo chun féachaint ar an Doiciméad Cairte um Iniúchadh Inmheánach








