Réamhrá d’Airgeadas
Tá an Rannóg Bainistíochta Airgeadais freagrach as rialú agus bainistíocht iomlán airgeadas na Comhairle, idir Ioncam agus Caipiteal. Áirítear lena cuid dualgas gach íocaíocht a dhéanamh lena n-áirítear íocaíochtaí creidiúnaithe, párolla, aisíocaíochtaí iasachtaí, préimheacha árachais agus deontais ardoideachais, an obair riachtanach ar an mBuiséad Bliantúil a ullmhú agus an Ráiteas Airgeadais Bliantúil, cúiteamh deontais agus fóirdheontais rialtais; gach taifead airgeadais a dhéanamh agus tuarascálacha agus tuairisceáin éagsúla a dhéanamh.
Déanann an Rannóg Bainistíochta Airgeadais idirchaidreamh le Rannóga agus Oifigí Ceantair eile ar bhonn rialta agus í i mbun a cuid oibre.








