An Chartlann Contae
Leag an tAcht um Rialtas Áitiúil, 1994, cuid 65 freagracht ar Údaráis Áitiúla as a gcuid cartlann agus taifead. Faoi láthair tá Comhairle Contae Thiobraid Árann Theas ag bunú seirbhíse cartlainne. Tá cartlannaí ag obair ar a gcuid cartlann agus taifead, chun gur féidir iad a chur ar fáil don phobal. Cé nach bhfuil aon seirbhís phoiblí ar fáil faoi láthair is féidir fiosrúcháin a chur faoi bhráid an chartlannaí.
Cad is cartlann ann?
Is é atá i gcartlann ná taifid a bhfuil luach fadtéarmach ag baint leo. Bunfhoinsí eolais atá iontu agus is acmhainn luachmhar iad chun cuntas agus míníú a thabhairt ar stair agus féiniúlacht sochaí.
Áirítear le hábhar cartlainne léarscálacha, pleananna, tarraingtí, comhfhreagras, comhaid, grianghraif, mórleabhair cuntas, micreascannáin agus taifid mhicreagrafacha eile, taifid fhuaime, taifid pictiúr, téipeanna maighnéadacha, dioscaí maighnéadacha, dioscaí optúla, dioscaí físe, aon taifid ar féidir a léamh le meaisín.
Fáltais:
Chomh maith le soláthar do chartlann an údaráis áitiúil, tá spéis ag an tseirbhís chartlainne freisin i ngach ábhar a bhaineann le Tiobraid Árann Theas. Is í an aidhm atá aici ná seirbhís a fhorbairt a dhéanann cuntas ar gach gné den saol i dTiobraid Árann Theas le haghaidh taighdeoirí sa lá atá inniu ann agus ar feadh na mblianta atá romhainn.
Féadann aon duine a theastaíonn uaidh ábhar a thabhairt é a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh leis an gcartlannaí. Glaoigh ar 052 34565 nó cuir r-phost chuig archives@southtippcoco.ie








