Réamhrá ar Innealra
Cuireann an Clós innealra seirbhís tacaíochta ar fáil do ghníomhaíochtaí bunaithe ar innealtóireacht laistigh d’údaráis áitiúla mar dheisiú, athchóiriú agus cothabháil líonraí bóithre, seirbhísí sláinteachais (uisce agus séarachas), comhshaol, agus seirbhísí dóiteáin. Is é cuspóir lárnach na seirbhíse ná innealra (i. feithiclí, gléasra agus trealamh) a sholáthar ar chostas réasúnta chun cabhrú le baill foirne bunaithe i gceantair a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh. Áirítear le gníomhaíochtaí an chlós innealra;
- Gléasra agus innealra a sholáthar.
- Gléasra agus innealra a fháil agus a dhiúscairt.
- Gléasra agus innealra a dheisiú agus a chothabháil.
- Suíomh slán, sábháilte a sholáthar chun innealra a stóráil.
- Eolas bainistíochta a chruthú.
- Anailís straitéiseach ar fháil innealra ar cíos
Déantar ligean innealra ar cíos a shocrú ag leibhéal ceantair as liosta tairisceana bliantúil um ghléasraí cíosa a ullmhaíonn an Rannóg Innealra. Faightear innealra ar cíos ar an iomaí cúiseanna lena n-áirítear an gá le:
- Riachtanais innealra na Comhairle a chomhlíonadh nuair a bhíonn buaicéileamh air.
- Saininnealra le tiománaithe oilte a fháil.
- Saininnill a fháil le haghaidh oibre séasúraí.
- Gléasraí agus innill a fháil le cíosú go gearrthéarmach








