Sláinte & Sábháilteacht
De réir Alt 13 d’Acht 1989, féadann na fostaithe ag ionad oibre duine acu a roghnú agus a cheapadh chun gníomhú mar Ionadaí Sábháilteachta.
Chuige sin reáchtáladh Ballóid i measc fostaithe Comhairle Contae Thiobraid Árann Theas chun Ionadaí Sábháilteachta amháin agus Leasionadaí Sábháilteachta amháin a thoghadh le haghaidh gach Ceantar Innealtóireachta sa Chontae, a dhéanfaidh ionadaíocht ar na fostaithe go léir sa cheantar sin. Tá sé beartaithe gur trí bliana a bheidh i gceist leis an tréimhse oifige de ghnáth.
Mar thoradh ar an mBallóid toghadh na hIonadaithe Sábháilteachta agus na Leasionadaithe Sábháilteachta seo a leanas.
| Ainm | Teideal | Ceantar |
|---|---|---|
| John Croke | Ionadaí Sábháilteachta | Ceantar Fhiodh Aird |
| Eddie Mason | Ionadaí Sábháilteachta | Ceantar Chathair Dúin Iascaigh |
| John Sisk | Leasionadaí Sábháilteachta | Ceantar Chathair Dúin Iascaigh |
| Michael Byrnes | Ionadaí Sábháilteachta | Ceantar Thiobraid Árann |
| Michael Gallagher | Leasionadaí Sábháilteachta | Ceantar Thiobraid Árann |
| Pat O'Rourke | Ionadaí Sábháilteachta | Ceantar Chaisil |
| Willie Robinson | Ionadaí Sábháilteachta | Ceantar Chluain Meala |
| Donal Tuohy | Leasionadaí Sábháilteachta | Ceantar Chluain Meala |
Féadann Ionadaí Sábháilteachta dul i gcomhairle le fostóir maidir le hábhair Sábháilteachta Sláinte agus Leasa a bhaineann le fostaithe san ionad oibre chomh maith le huiríolla a dhéanamh ina dtaobh.
- Áirítear le cearta an Ionadaí Sábháilteacha:
- Rochtain ar eolas go háirithe ón Rialtas Sábháilteachta.
- Eolas a fháil ón bhfostóir faoi chuairt ag Cigireacht an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta.
- Uiríolla a dhéanamh don Chomhairle.
- Fiosrúchán a dhéanamh ar thionóiscí agus tarlúintí contúirteacha ar choinníoll nach gcuireann sé isteach ar chomhlíonadh aon fheidhm reachtúil.
- Uiríolla a dhéanamh chuig Cigireacht an U.S.S. agus comhairle a fháil uaithi.
- Cigireachtaí a dhéanamh agus guaiseanna agus gearáin a fhiosrú faoi réir cead a fháil ón bhfostóir.
- Dul in éineacht leis an gCigire ar aon turas cigireacht ach amháin áit a mbaineann sé le fiosrúchán ar thionóisc.
- Am saor de réir mar a d’fhéadfadh a bheith réasúnta chun gníomhú mar Ionadaí Sábháilteachta nó chun an t-eolas a fháil chun an fheidhm sin a chomhlíonadh.








