Rátaí
Tá an rannóg seo freagrach as an obair go léir i dtaobh luachála agus rátaithe. Áirítear leis sin réadmhaoin nua a liostáil le haghaidh luachála agus luacháil a athbhreithniú ar réadmhaoin atá ann cheana ar chúiseanna éagsúla m.sh. athchóiriú, méaduithe, athrú úsáide srl. Is é an Coimisinéir Luachála atá freagrach as luachálacha a mheasúnú. Roimh 1998 liostáiltí réadmhaoin le haghaidh luachála uair amháin sa bhliain ach ó achtaíodh Acht Luachála 1988 is féidir réadmhaoin a chur ar aghaidh le haghaidh athbhreithnithe ar bhunús míosúil. Ba í an aidhm a bhí i gceist ná an próiseas de réadmhaoin a thabhairt laistigh den chóras rátaithe a dhéanamh níos tapa. Ó cuireadh deireadh le rátaí ar thalamh agus réadmhaoin teaghlaigh, is iad na rátaí amháin a bhíonn le híoc anois ná réadmhaoin tráchtála agus teaghlaigh. Féadann íocóirí ráta nach bhfuil sásta leis an gcinneadh achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh don Choimisinéir Luachála,. agus muna bhfuil siad sásta leis an toradh féadann siad achomharc eile a dhéanamh do chomhlacht neamhspleách ar a dtugtar an Binse Achomhairc Luachála a bunaíodh faoin Acht Luachála 1988.
Bíonn rátaí le híoc ina ndá pháirt anois –bíonn an chéad pháirt iníoctha nuair a fhaightear an t-Éileamh Rátaí agus bíonn an dara páirt le híoc ar 1 Iúil.








