Beartas Comhshaoil


Tá ról tábhachtach ag Comhairle Contae Thiobraid Árann Theas i seirbhísí lárnacha a sholáthar do dhaonra 79,000. Bíonn tionchar ag feidhmeanna agus seirbhísí na Comhairle ar shaoránach an chontae ar go leor bealaí, idir caighdeán na timpeallachta a mairimid inti agus ár mbonneagar sóisialta agus eacnamaíochta. Áiríonn na seirbhísí seo forbairt tithíochta agus shóisialta, seirbhísí bóithre, iompair agus uisce, dreasachtaí agus rialuithe forbartha, cosaint chomhshaoil, caithimh aimsire agus fóntais agus gnóthaí corparáideacha agus forbairt chultúrtha.

Admhaíonn agus aithníonn Comhairle Contae Thiobraid Árann Theas go mbíonn tionchar ag a cuid oibriúchán ar an gcomhshaol domhanda agus áitiúil. Táimid tiomnaithe chun truailliú a chosc agus chun bainistíocht agus feabhsú leanúnach a dhéanamh ár ár bhfeidhmíocht ó thaobh an chomhshaoil de trí Chóras deimhnithe Bainistíochta Comhshaoil a chur i bhfeidhm, ISO 14001 ar dtús agus EMAS (i. ‘the EU standard, Eco Management & Audit Scheme) ina dhiaidh sin, a sholáthraíonn creat chun ár dtionchar ar an gcomhshaol a luacháil, a fheabhsú agus tuairisc a dhéanamh air.

Leagann an Beartas Comhshaoil béim ár ár gcuid aidhmeanna agus ar na prionsabail a bhfuilimid ag obair dá réir chun cinntiú go bhfuilimid rannpháirteach i gcomhshaol níos fearr a chruthú le haghaidh na nglúinte atá le teacht.